MAIDIR LE EUROPOL

Cabhrú le háit níos sábháilte a dhéanamh den Eoraip

page

Is é misean Europol, a bhfuil a cheanncheathrú aige ar an Háig, an Ísiltír, tacú lena Bhallstáit maidir le gach cineál coireachta tromchúisí idirnáisiúnta agus eagraithe, cibearchoireacht agus sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac. Oibríonn Europol freisin le cuid mhór stát comhpháirtíochta neamh-AE agus le cuid mhór eagraíochtaí idirnáisiúnta.

Bíonn mórlíonraí coiriúla agus sceimhlitheoireachta ina mbagairt shuntasach ar shlándáil inmheánach AE agus ar shábháilteacht agus slí mhaireachtála a chuid saoránach. Is ó na réimsí seo a leanas a thagann na bagairtí slándála is mó:

  • sceimhlitheoireacht;
  • gáinneáil idirnáisiúnta ar dhrugaí agus sciúradh airgid;
  • calaois eagraithe;
  • brionnú an euro;
  • gáinneáil ar dhaoine.

Sainordú

Tugann Europol riachtanais na Ballstát AE dá aire agus déanann sé anailís ar threochtaí coireachta san AE. Tacaíonn an Ghníomhaireacht le himscrúduithe arna dtionscnamh ag na Ballstáit, cé nach ngabhann oifigigh Europol saoránaigh riamh agus ní thionscnaíonn siad imscrúduithe ach an oiread. Baineann obair Europol de ghnáth le déileáil le coireacht a mbíonn cur chuige idirnáisiúnta agus comhar idir roinnt tíortha ag teastáil ina leith, laistigh agus lasmuigh den AE. Is é EMPACT a mhúnlaíonn an cinneadh maidir leis na coireanna ar chóir tosaíocht a thabhairt dóibh.

Fíricí agus figiúirí maidir le Europol

  • Tá níos mó ná 1400 ball foirne aige
  • Tá 264 Oifigeach Idirchaidrimh Europol ann
  • Tacaítear leis na mílte imscrúdú idirnáisiúnta gach bliain
  • Rinneadh gníomhaireacht oifigiúil an AE de Europol ar an 1 Eanáir 2010

Is comhar ildisciplíneach struchtúrtha é EMPACT chun an choireacht idirnáisiúnta eagraithe thromchúiseach a chomhrac. Is iad na Ballstáit a stiúrann é agus faigheann sé tacaíocht ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí AE i gcomhréir lena sainorduithe faoi seach.

Thar na blianta, tá taithí shuntasach gnóthaithe ag Europol maidir leis na coireanna seo a leanas a chomhrac: gáinneáil ar dhrugaí, líonraí aindleathacha inimirce agus gáinneáil ar dhaoine, gáinneáil aindleathach ar fheithiclí, cibearchoireacht, sciúradh airgid agus brionnú airgid. Is é Europol an oifig Eorpach lárnach freisin maidir le brionnú an euro a chomhrac.

Baineann Europol leas as sárshocruithe comhair le comhpháirtithe forfheidhmithe dlí san Eoraip agus in áiteanna eile. Is mór aige a shocruithe cuntasachta freisin, ar socruithe iad atá ar na cinn is láidre agus is trédhearcaí ar domhan.

Díríonn gníomhaíochtaí oibríochtúla Europol ar an méid seo a leanas:

Seirbhísí uathúla

A bhuí leis an suíomh atá againn ag croílár ailtireacht slándála na hEorpa, bímid in ann raon uathúil seirbhísí a chur ar fáil. Tá Europol ina ionad oibriúcháin ardslándála a fheidhmíonn gan stad gan staonadh: 24 huaire sa lá, seacht lá sa tseachtain.

Tá anailís ina gné lárnach dár gcuid gníomhaíochtaí. Tá ár gcuid anailísithe coiriúla i measc na n-anailísithe coiriúla is fearr san Eoraip. Baineann siad úsáid as uirlisí úrscothacha chun tacú ar bhonn laethúil le himscrúduithe de chuid an lucht forfheidhmithe dlí sna Ballstáit.

D’fhonn léargas domhain a thabhairt dár gcomhpháirtithe ar na coireanna a mbíonn siad ag dul i ngleic leo, táirgimid measúnuithe rialta ina leagtar amach anailísí cuimsitheacha réamhbhreathnaitheacha ar an gcoireacht agus ar an sceimhlitheoireacht san AE.

Úsáideann Europol sainchórais, lena dtáirgtear inniúlachtaí gasta slána chun faisnéis a stóráil, a chuardach, a amharcléiriú agus a nascadh. Dá bhrí sin, is uirlis shofaisticiúil iad sa chomhrac in aghaidh na coireachta.

Bainistiú agus rialú

Tá Europol cuntasach ar leibhéal AE do Chomhairle na nAirí Ceartais agus Gnóthaí Baile.

Tá freagracht ar an gComhairle as Europol a rialú agus a threorú. Ceapann sí an Stiúrthóir Feidhmiúcháin agus na Leas-Stiúrthóirí agus, i dteannta Pharlaimint na hEorpa, formheasann sí buiséad Europol (atá mar chuid de bhuiséad ginearálta AE). Anuas air sin, féadfaidh sí, i dteannta Pharlaimint na hEorpa, rialacháin a bhaineann le hobair Europol a ghlacadh. Gach bliain, cuireann an Chomhairle tuarascáil speisialta ar obair Europol faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa.

Oibríonn Europol faoi láthair faoi Rialachán Europol. Glacadh leis an rialachán ar an 11 Bealtaine 2016, nuair a vótáil Parlaimint na hEorpa ar chumhachtaí nuashonraithe chun cur ar chumas Europol iarrachtaí a mhéadú chun dul i ngleic le sceimhlitheoireacht, le cibearchoireacht agus le cineálacha coireanna tromchúiseacha agus eagraithe eile. Leis an rialachán, déantar ról Europol a neartú maidir le tacú le comhar idir údaráis forfheidhmithe dlí san Aontas Eorpach.

Struchtúr eagrúcháin

Is é Stiúrthóir Feidhmiúcháin atá i gceannas ar Europol, duine atá ina hionadaí dlíthiúil Europol agus atá ceaptha ag Comhairle an Aontais Eorpaigh. Is í Catherine De Bolle, Stiúrthóir Feidhmiúcháin reatha Europol, a ghlac an post i mí na Bealtaine 2018.

Faigheann sé cúnamh ó thriúr Leas-Stiúrthóirí Feidhmiúcháin:

Is as raon leathan cúlraí agus náisiún do bhaill foirne Europol.

Rinneadh gníomhaireacht iomlán AE de Europol ar an 1 Eanáir 2010. Ar an 1 Bealtaine 2017, tugadh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Forfheidhmithe Dlí ar Europol ar bhonn oifigiúil, ar theacht i bhfeidhm a Rialachán nua.

Glacadh leis an rialachán nua ar an 11 Bealtaine 2016, nuair a vótáil Parlaimint na hEorpa ar chumhachtaí nuashonraithe chun cur ar chumas Europol iarrachtaí a chur chun cinn chun dul i ngleic le sceimhlitheoireacht, cibearchoireacht agus cineálacha coiriúla tromchúiseacha agus eagraithe eile. Leis an rialachán nua, déantar ról Europol a neartú maidir le tacú le comhar idir údaráis forfheidhmithe dlí san Aontas Eorpach.

Europol Organisational Chart

Tags

    • Law Enforcement
    • Legal Regulation
    • Legislation
    • Management & Control